Niall Ó Donnghaile – idir dá cheann na meá ach ní fios ….

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh obair ag Niall Ó Donnghaile a shuíochán ar Chomhairle Bhéal Feirstae a choinneáil sa toghcheantar nua Titanic. Dúirt iarArd Mhéara na c;athrach , ar Gael aitheanta é, dúirt sé le Nuacht24 i dtrátha am lóin go mbeidh sé deacair aige an suíochán a choinneáil ach go mbeidh sé ag brath cuid mhór ar an dóigh a dhéanann Alliance a vótaí a aistriú sa cheantar seo ina bhfuil mórthromlach aontachtach. In ainneoin sin dar leis go bhfanfaidh sé dearfach agus é ag breathnú na bhfigiúirí nó ní féidir a thuar cad a thitfidh amach am toghcháin. Bhí Ard Mhéara Bhéal Feirste, Máirtín Ó Muilleoir ar na tacaithe leis a bhí in Halla na Cathrach i mBéal Feirste chun tacú leis.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 12:55:45

Admin/login Comments RSS

ILBF