Ní raibh ann ach píosa grinn – Peter Robinson beag beann orthu sin a cháineann Gregory Campbell

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Peter Robinson go bhfuil daoine áirithe ag déanamh a bharraíocht den dóigh a rinne Gregory Campbell scig don dara uair ar an Ghaeilge ar na mallaibh. Agus dar leis go bhfuil meas ag an DUP ar Ghaeilgeoirí, in ainneoin an feisire Campbell a chur in iúl nach bhfuil san éileamh ar Acht Ghaeilge don tuaisceart ach mianliosta a chaithfeadh an DUP leis ionann is go raibh sé scríofa ar phaipéar leithris. Ar seisean inniu,  ‘Is é an rud ceart le déanamh ná nochtú iad sin atá ag déanamh an Ghaeilge a pholaitiú agus iad sin atá ag cur chun tosaigh éilimh míreadúla ag na cainteanna. Cad é mar a bheadh sé de dhanacht ag duine ar bith maíomh go mba cheart náire a bheith ormsa? Ní bheidh mise ag dul leithscéala ná ag imeacht ó bheith ag déanamh an rud ceart.’ Dar leis an DUP go bhfuil rabhadh faighte ag an fheisire Campbell ón PSNI go bhfuil bagairt báis ina choinne. Den chéad uair riamh bhí ionadaí ó earnáil na Gaelscolaíochta, Micheál Ó Duibh, i láthair ag comhdháil bhliaintiúil an DUP ag an deireadh seachtaine. Dar leis gur thug sé teachtaireacht iontach dearfach ann ach gur mhothaigh sé i ndiaidh dó caint Gregory Campbell go bhfuil coiscéim amháin chun tosaigh tógtha ach dhá choiscéim siar. IarAire Chultúir ó thuaidh is ea é Gregory Campbell.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 05:48:22

Admin/login Comments RSS

ILBF