Ní mór tuairimí a chur in iúl go láidir faoi Scéim Phobail na Gaeilge – POBAL

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dúirt POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, gur chóir do ghrúpaí Gaeilge a dtuairimí a chur in iúl  go láidir i bpróiseas comhairliúcháin Fhoras na Gaeilge maidir leis Scéim Phobail na Gaeilge. Faoi scéim seo, fostaítear Oifigigh Gaeilge i gceantracha ar leith fud fad na tíre. Ach, ar na himpleachtaí a dtiocfadh a bheith le moltaí an Fhorais, bheadh deireadh le maoiniú do roinnt poist ina bhfuil obair mhaith ar siúl agus an maoiniú sin aistrithe go ceantracha nár éiligh a leithéid seo de phost roimhe.

 

Dúirt Janet Muller, PF POBAL, ‘Tá fadhbanna bunúsacha  le moltaí an Fhorais, mar go bhfuil siad bunaithe ar an tuiscint nach féidir forbairt a dhéanamh ar an teanga má costnaíonn an forbairt sin airgead. Mar sin, in áit amharc ar bhealaigh le cur le líon na nOifigeach atá ag obair ar an talamh, tá siad ag moladh deireadh a chur le poist i gceantracha ar leith agus poist nua a thosacht in áiteanna nár éiligh riamh a leithéid, agus b’fhéidir nach bhfuil infrastructúr ann, ná oibrithe le taithí cuí ina gcónaí ann. Ní féidir an teanga a chur chun cinn má chuirtear deireadh arís is arís eile le maoiniú do thionscadail agus d’eagrais, do nuachtáin agus d’irisí Gaeilge, ar mhaithe leis an airgead a aistriú go rud nua, agus ansin cúpla bliain in diaidh sin, deireadh a chur leis an rud nua agus tosacht ar an phróiseas ceanna arís eile.’

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 16:31:50

Admin/login Comments RSS

ILBF