Ní mór polasaí Bhéal Feirste ar chomharthaí sráide a athrú – Mac Giolla Mhín

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

*Ní mór polasaí Bhéal Feirste ar chomharthaí sráide a athrú – Mac Giolla
Mhín*

Chuir an comhairleoir Sinn Féineach Caoimhín Mac Giolla Mhín fáilte roimh
an scéala gur tugadh cead do bhean as Béal Feirste athbhreithniú
breithiúnach a ghlacadh ar pholasaí na comhairle maidir le comharthaí
sráide dátheangacha.

Arsa an Comhairleoir Mac Giolla Mhín:

“Tá Sinn Féin ag obair le tamall anuas le hoifigigh sinsearacha ón
chomhairle ar réimse leathan ceisteanna a bhaineann leis an Ghaeilge.

“I suirbhé a rinne an chomhairle dúirt 52 duine as Ballymurphy Drive sa
chathair go raibh siad i bhfách le hardú chomhartha sráide dhátheangach.
Níor chuir ach duine amháin in éadan an mholta.

“Is léir ón toradh 52-1 go bhfuil muintir na sráide seo go mór i bhfabhar
an mholta.

“Ach ghlac an chomhairle go raibh gach duine nár thug freagra ar an suirbhé
go raibh siad in aghaidh an mholta.

“Tá sé soiléir go bhfuil sé seo iomlán mícheart.

“”Tá sé dochreidte nach bhfuil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste sásta
glacadh le mianta an tromlaigh mhóir díobh siúd a d’fhreagair an suirbhé.

“Níl ach bunscoil amháin i gceantar Bhaile Uí Mhurchú agus is bunscoil
Ghaeilge í.

“Léiríonn sé sin dom nach mbeadh fadhb ar bith ag bunús mór an phobail leis
an mholadh seo.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 04:36:38

Admin/login Comments RSS

ILBF