Ní mór na TDnna s’againne atá i dTeach Laighean le 25 bliain a ghlanadh amach as – Hannigan

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir duine de na Teachtaí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre atá á lua le dúshlán na ceannasaíochta, Dominic Hannigan gur ghá glanadh amach ar na Teachtaí Dála s’acu atá sa Dáil le 25 bliain. Dar leis gur ghá fáil réidh leis an sotal. Is léir le tamall anuas, agus go háirithe ó thosaigh an feachtas toghcháin, go bhfuil bearna mór anois idir an ghlúin óg de Theachtaí Pháirtí an Lucht Oibre atá tofa díreach le cúpla bliain anuas agus an ghlúin fadbhunaithe atá sa Dáil le scór bliain is níos mó. Tá caint an Teachta Hannigan ag teacht le cáineadh a tháinig ó roinnt de na Teachtaí is Seanadóirí níos óige le tamall anuas. Tá baol ann, deir Dominic Hannigan, mura ndéantar an glanadh amach sin agus bunathruithe eile go mbeidh an páirtí imithe ar fad ag deireadh an chéad toghcháin eile, ‘díreach mar a d’imigh Kodak, mar a d’imigh an PD.’ Dar leis gur gá don chéad ghlúin eile, leithéidí Alex White, Gerard Nash agus é féin ról ceannasaíochta a ghlacadh orthu féin anois.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 15:45:05

Admin/login Comments RSS

ILBF