Ní mór fadhb ‘chumarsáide’ Uisce Éireann a réiteach

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Thug urlabhraí leis an Aire Comhshaoil Alan Kelly le fios ag an deireadh seachtaine go bhfuil an tAire i ndiaidh iarraidh ar Uisce Éireann plean a dhreachtú chun cur lena gcumarsáid leis an phobal. Bhí sé ag caint i ndiaidh don Aire Stáit ag an Roinn Dlí is Cirt, Aodhán Ó Ríordáin maíomh go bhfuil míshásamh go forleathan ann faoin dóigh a bhfuil Uisce Éireann i mbun cumarsáide. Ach ní cumarsáid is mó a chuireann as do bhunús cúlbhinseoirí Fhine Gael is Pháirtí an Lucht Oibre. Tá siad buartha faoi na táillí uisce agus lena chois faoin chóras bónais atá i bhfeidhm in Uisce Éireann. Tugadh le fios ag an deireadh seachtaine go bhfuil bónas ar fáil go fiú do oifigigh sinsearacha go fiú sa chás is go bhfuil an breithiúnas orthu ná ‘gur éigean feabhsú.’ Beidh bónas de 19% ar fáil d’oifigigh sinsearacha ‘ a sháraíonn i bhfad ar an mhéid a raibh dreim leis.’ Ar an taobh eile den scéal beidh táillí thar a bheith trom do dhuine a lorgaíonn oibrí de chuid Uisce Éireann chun sceitheadh uisce a fhiosrú ag a dteach don dara uair. Beidh céad chuairt an oibrí saor in aisce ach beidh taille de €188 san uair ann don dara cuairt agus táille €94 ar gach uair a chloig ina dhiaidh sin. Beidh costas €282 ar oibrí teacht chun sceitheadh uisce a dheisiú más gá dó/di teacht taobh amuigh de na gnáthuaireanta oibre.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 11:48:11

Admin/login Comments RSS

ILBF