Ní mór don Eaglais plé le daoine aeracha ar bhealach eile – Máire Mhic Giolla Íosa

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an iarUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa, ar Chaitliceach láidir í, gur deistín léi dearcadh na heaglaise Caitlicigh i leith daoine aeracha. Dar le hagallamh a thug sí do nuachtán in Albain ar sise, i measc rudaí eile, ‘Ní maith limo an seasamh atá ag eaglais s’agamsa i leith daoine aeracha. Ní maith liom an rud seo, ‘bíodh grá agat don peacaí agus fuath don pheaca.’ Más tú an peacaí …… ní maith le duine ar bith go dtabharfaí sin ort. Is eol dúinn lena chois sin go bhfuil cuid mhór sagart atá aerach.’ Thagair sí go sonrach do chinneadh an Chairdinéal Keith O’Brien éirí as anuraidh cionn is caidreamh a bheith aige tráth le fear óg. ‘Dar liom go dtiocfadh leis an Chairdinéal, trína scéal féin a insint – dá mbeadh fonn air sin a dhéanamh – go dtiocfadh leis cuidiú le daoine aeracha, ní amháin daoine aeracha san eaglais ach daoine aeracha i gcoitinne, daoine a mhothaigh le blianta blianta fada go raibh siad faoi shrian ligean orthu féin go raibh siad heitreoghnéasach.’ Dar le hurlabhraí leis an Eaglais Chaitliceach in Éirinn nach nós leo a bheith ag tuairimiú faoi chaint daoine ar leith. Agus chuir sé in iúl lena chois ‘Is é teagasc na hEaglaise Caitlicigh maidir le daoine homaighnéasacha go mba ceart caitheamh leo le tuiscint is taise is le meas.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:41:17

Admin/login Comments RSS

ILBF