Ní mór do Ghaeilgeoirí a dtuairimí a nochtú ar Scéim an Fhorais – Ní Thoirealaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ní mór do Ghaeilgeoirí a dtuairimí a nochtú ar Scéim an Fhorais – Ní Thoirealaigh

 

Tá an CTR Sinn Féineach Róise Ní Thoirealagh ag tathaint ar dhaoine a ndearcadh a nochtú ar thodhchaí mhaoiniú na Gaeilge.

 

Dúirt Róise Ní Thoirealaigh:

 

“Tá Foras na Gaeilge i mbun phróiseas comhairliúcháin ar an athbhreithniú leanúnach ar Scéim Phobail Gaeilge.

 

“Ina measc tá moltaí radacacha ar an bhealach a mhaoinítear eagrais Ghaeilge i láthair na huaire.

 

“Tá ábhar imní orm faoi roinnt de na moltaí, pleananna le critéir gheoghrafacha a chur san áireamh sa phróiseas maoinithe in ionad iarratais bunaithe ar riachtanais amháin.

 

“Tá sé riachtanach go mbeadh seans ag daoine a dtuairimí a nochtú ar na moltaí seo. Ba chóir do gach duine a bhfuil suim acu sa teanga páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán.

 

“Ní mór do freagairtí don chomhairliúchán bheith ag Foras na Gaeilge faoi 1in ar an 21ú lá de Mhí na Samhna.” CRÍOCH

 

Ba cheart freagairtí a chur chuig:

 

Gearóid Trimble

Response Coordinator

Foras Na Gaeilge

7, Cearnog Mhuirfean

Baile Átha Cliath

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-22 18:28:48

Admin/login Comments RSS

ILBF