Ní mór deireadh a chur le ‘club na seanfhear’ san Eaglais Caitliceach, Máire Mhic Giolla Íosa

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus í ag caint in Sydney na hAstráile  ag an deireadh seachtaine dúirt an iarUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa go mbeidh ar an eaglais Chaitliceach fáil réidh le ‘club na seanleaids.’ Bhí tuairim is 1,00o duine i láthair chun éisteacht lena caint agus thagair sí go sonrach ann dá fís don Eaglais Chaitliceach agus don obair mhór a bhí ag baint le bheith ag brú ar son leasuithe san Eaglais. Ag tagairt di do na scannail a bhain le cléir a bheith ag ídiú páistí ar bhealach gnéasúil dar léi gur tháinig na scéalta seo amach mar gheall ar mhisneach na n-íosparthach ní a bhuí don Eaglais. Thagair sí do chruinniú amháin a bhí aici le cléireach sinsearach agus í ina |Uachtarán. Rinne cléireach sinsearach gáire ar chloisteáil í a bheith ag moladh don eaglais a gcomhaid faoi pháiste ídiú a oscailt don phobal. Seachtain níos moille thug an stát orthu é a dhéanamh dar léi.  Maidir le cáineadh deir an iarUachtarn go gcaithfidh an Eaglais a struchtúir a athrú agus go háirithe gur gá fáil réidh le club na seanleaids.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 17:59:05

Admin/login Comments RSS

ILBF