Ní ghlacfaidh glún nua Gael óga le caint Gregory Campbell ná leis an ‘status quo’ ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

le hEoghan Ó Néill

654321

Léirmheas ar chruinniú na hoíche aréir i gCultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich i mBéal Feirste

 

Bhí 52 duine i láthair ag cruinniú na hoíche aréir sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Tháinig an cruinniú cionn is bean óg, Aoife Nic an tSaoir, a mhothú go raibh tionól de dhíth i bhfianaise na cainte a rinne Gregory Campbell, DUP, agus polaiteoirí eile faoin Ghaeilge le tamall anuas.

D’fhogair Aoife an cruinniú ar Facebook agus taobh istigh de chúpla lá bhí dlús iontach faoi.

Aréir bhí beirt is caoga duine i láthair ag an tionól, ardán a lig do dhaoine a dtuairimí a chur in iúl agus a moltaí gnímhe a chur chun tosaigh.

Bhí seisear nó seachtar den 52 duine sin, seans, os cionn 40 bliain d’aois. Raidhse acu sna tríochaidí luath. Ach bhí formhór mhór an scaifte, mar is léir ó na grianghrafanna a cuireadh in airde i ndiaidh na imeachta, bhí siad faoi bhonn 25 bliain d’aois. Go leor déagóirí ina measc.

Le tamall anuas, (breathnaigh Laochra Loch Lao, an feachtas faoi bhus do Choláiste Feirste, Lá Dearg, an G Spota , an Cumann Rothaíochta, Nós, srl) tá glún óg ag teacht i gceannas i go leor fiontair is tionscnaimh Ghaeilge i mBéal Feirste agus ba ghlór s’acu a chualathas aréir. Ar an leibhéal sin amháin ba tionól tábhachtach é.

Bhí plé ann ar feadh uair a chloig agus rinneadh cíoradh cuimsitheach ar na ceisteanna éagsúla a d’eascair as caint Gregory Campbell agus polaiteoirí/iriseoirí/tráchtairí eile faoin Ghaeilge.

Chuir roinnt acu sin a labhair in iúl go raibh baol ann dá rachadh caint mar seo gan mórdúshlán go nglacfaí leis gur díoschúrsa normálta faoin Ghaeilge é maslú is scig den tsórt seo – go sílfí go bhfuil sé cothrom go leor a bheith ag scig faoin Ghaeilge agus ag maslú lucht a labhartha. Bhí glacadh leis go bhfuil ionsaithe phoiblí ar an Ghaeilge ina gnáthrud sa tuaisceart le fada (luadh caint Sammy Wilson, David Mc Narry, Jim Allister is go leor eile sa chomhthéacs seo) ach go bhfuil glún óg de Ghaeilgeoirí anois ann a bhfuil rún acu gníomhú chun an status quo sin a athrú.

Luadh lena chois go bhfuil na meáin, agus luadh an BBC go háirithe, ag iarraidh ionsaithe ar an Ghaeilge a chur chun tosaigh ionann is gur choimhlint idir Glas is Oráiste atá i gceist. Go mbíonn na meáin go minic ag úsáid íomhánna is sliochta chun a chur in iúl gur coimhlint idir an DUP/UUP is Sinn Féin / SDLP atá ann seachas ionsaí ar phobal Gaelach a bhfuil an iliomad tuairimí is dearcaí ann agus go leor daoine gan aon dílseacht ná claonadh pháirtí pholaitiúil acu. Pobal a bhfuil urlabhraithe dá gcuid féin acu seachas polaiteoirí.

Luadh go bhfuil sé soiléir go bhfuil daoine ón phobal Protastúnach/Aontachtach sa tuaisceart (luadh go sonrach Linda Ervine is a obair i mBéal Feirste mar aon le hIan Malcolm) a bhfuil dearcadh eile acu faoin Ghaeilge seachas dearcadh Gregory Campbell, agus gur ghá go gcuirfí an éagsúlacht sin chun tosaigh sna meáin agus sa sochaí. Agus go mba cheart tógáil ar na caidrimh idir Gaeilgeoirí ó gach cúlra is aicme.

Dearbhaíodh arís is arís eile gur gá ionsaithe na Gaeilge a mheas mar ionsaí ar phobal seachas mar rud polaitiúil nó páirtí pholaitiúil.

Maidir le caint Gregory Campbell cuimhníodh ar an ghéarcháineadh a rinne baill aitheanta den DUP le tamall anuas ar inimircigh, ar dhaoine sa phobal aerach, agus ar aicmí eile. Cuimhníodh nach iad pobal na Gaeilge amháin atá faoi ionsaí acu.

Luaigh roinnt daoine a mbuairt go bhfuil leithéidí Gregory Campbell díreach ag iarraidh pobal na Gaeilge a spreagadh lena cháineadh go géar chun go dtiocfadh leis a ‘chruthú’ i measc a thacaithe féin go bhfuil seisean ag seasamh an fhóid i gcoinne ‘an namhaid.’

Ar an taobh eile den scéal bhí roinnt daoine i láthair a luaigh go bhfuil caint Gregory Campbell i ndiaidh daoine a spreagadh le dul chuig ranganna Gaeilge nó chun cuidiú le pobal na Gaeilge.

Tugadh faill cainte do gach duine agus ba údar suntais an oiread sin daoine a labhair agus rogha maith tuairimí acu.

Bhí ionadaithe ann ó ghrúpaí ar leith.

Bhí Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, i láthair agus rinne sí roinnt pointí thar a bheith dearfach a cuireadh san áireamh agus clároibre gnímhe is brú á socrú don am atá le teacht.

Bhí gniomhaí Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin i láthair agus comhairle ceillí aige faoi bhealaí chun dlús a chur faoi fheachtas nua a thabharfadh faoi na hionsaithe seo ar phobal na Gaeilge.

Ach níor bhain bunús dá raibh i láthair le haon eagras stocaireachta ar leith.

Aontaíodh ag a raibh i láthair go bhfuil gá le comhghuaillíocht a thógáil le pobail eile atá faoi ionsaí den tsórt seo ag polaiteoirí/tráchtairí. Pobail eitneacha, an pobal aerach, agus a macasamhail.

Go bhfuil gá le comhghuaillíochtaí le Gaeilgeoirí eile fud na Sé Chontae is fud na tíre agus le poiblíocht leanúnach i measc lucht labhartha na Breatnaise, na Gaidhlige, na Catalónise, na Bascíse srl.

Agus aontaíodh go bhfuil gá le aisfhreagra sa ghearrthréimhse ar chaint Gregory Campbell.

Bhí go leor leor moltaí faoi sin.

Daoine áirithe den bharúil go mba cheart go mbeadh ‘splancslua’ ann ag Stormont nó in áit phoiblí eile.

Go mba cheart go mbronnfadh dream Gaelach scolaireacht ‘foghlaim na Gaeilge’ ar Gregory Campbell.

Go mba cheart go mbeadh léirsiú ann ar nós an mhórshiúil a bhí ann ar an Lá Dearg.

Go mba fhiú feachtas scríobh litreacha a bheith ann, dírithe ar na meáin.

Go mbeadh feachtas scríobh litreacha chuig polaiteoirí ann nó dúirt Gregory Campbell go raibh formhór litreacha a bhfuair seisean faoin cheist seo ag tacu leis.

Moladh go ndéanfaí físeán de chaint Gregory – ag cuimhneamh ar an fhíseán a rinne Conradh na Gaeilge faoi ghoid an bratach s’acu taobh amuigh de Uimhir 6 – chun daoine a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim.

Go mbeadh achainí ann agus faill ag daoine fud na tíre a dtuairim a chur in iúl.

Go mbeadh slua daoine, agus ‘mascanna Gregory Campbell’ a gcaitheamh acu, páirteach in imeacht phoiblí éigin.

Agus bhí go leor moltaí eile ann.

Sa deireadh moladh go mbeadh ról lárnach ag POBAL agus ag Conradh na Gaeilge in eagrú roinnt imeachtaí sna seachtainí beaga amach romhainn.

Orthu sin is rún go mbeadh imeacht áirithe ag Gaeilgeoirí le linn Fhéile na gCearta Daonna  ó thuaidh i gcoinn seachtaine. Agus is dócha go mbeadh imeacht le ‘Splancslua’ chun aird a tharraingt ar chás na Gaeilge. Mar aon le himeachtaí eile a dhéanfar a phoibliú anseo ar Nuacht24.com, ar www.raidiofailte.com agus ar go leor ardáin eile.

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 00:51:40

Admin/login Comments RSS

ILBF