‘Ní gá reifreann sna Sé Chontae’, Robinson, ‘Is gá reifreann in Éirinn’, Mc Guinness

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Martin Mc Guinness gur gá reifreann ar stíl na hAlban in Éirinn faoi cheist an teorainn, deir Peter Robinson a mhalairt. Agus é ag caint inniu dúirt an Chéad Aire go bhfuil níos mó agus níos mó daoine sa tuaisceart, dar leis, ag iarraidh an Aontas le Sasana a bheith acu agus go bhfuil sin le sonrú i bpobalbhreitheanna agus eile. Agus ar seisean, ‘Níl mise ag seachaint aon fhaill ag an phobal sa tuaisceart a shocrú ar an rud ab fhearr dóibh – níl dabht ar bith orm faoin toradh a bheadh ar a mhacasamhail de reifreann.’ Dar leis an leasChéad Aire Martin Mc Guinness agus ceannaire Shinn Féin, Gearóid Mc Adam, go bhfuil sé in am go mbeadh díoschúrsa poiblí agus reifreann, ar stíl na hAlban, ag pobal na hÉireann faoi leanúint leis an chríochdheighilt nó faoi athaontú na tíre.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:41:03

Admin/login Comments RSS

ILBF