Ní Bréag é! – Caoimhín agus na leaids ar Rónán Beo @3 Dé hAoine

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Preasráiteas

An grúpa ceoil reggae Bréag ar Rónán Beo @3 Dé hAoine

Beidh an grúpa Bréag as Béal Feirste ag ceiliúradh 21 bliain ar an bhfód i mbliana,
agus beidh siad beo sa stiúideo do chlár Rónán Beo Dé hAoine 25 Aibreán ar RTÉ
Raidió na Gaeltachta.

As Béal Feirste do Bhréag, agus tá baill an ghrúpa i measc an chéad ghlún
Gaeilgeoirí ó dhúchas a rugadh agus a tógadh sa chathair sin. Gaelcheol Reggae/Ska
a chasann siad, agus tá trí albam curtha amach acu. Ar chuid de na grúpaí ar chas
siad ar stáitse leo, tá The Wailers, Shane McGowan, Alabama 3, The Hothouse Flowers
agus Kíla.

Beidh Bréag ar stáitse ag an gCabaret Craiceáilte i nGaoth Dobhair oíche Dé Sathairn
freisin, agus ar Rónán Beo @3 Dé hAoine beidh siad ag insint do Rónán faoina dturas
ceolmhar le 21 bliain anuas.

Bréag ar Rónán Beo @3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 25 Aibreán. Is féidir
éisteacht ar líne ag www.rte.ie/rnag

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:33:06

Admin/login Comments RSS

ILBF