Nelson Mandela marbh

idirnáisiúnta, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fógraíodh anocht go bhfuil Nelson Mandela I ndiaidh a bháis. Bhí sé 95 bliain d’aois agus é I ndiaidh a bheith go dona tinn le trí mhí anuas. Ceannaire agus siombail ar an ghluaiseacht frithchinedheighilte a ba ea é agus ó na 1980í mall ar aghaidh ardmheas air go hidirnáisiúnta. Ach roimhe siá don n bhí go leor san Iarthar a thug sceimhlitheoir air agus a dhiúltaigh cur I gcoinne rialtas bán na hAfraice Theas. Ba é Mandela thar duine ar bith eile a chreid go mba cheart a dhíriú isteach ar athmhuintearas a dhéanamh leis an phobal bán ar chríochnú na cinedheighilte agus go mba cheart a bheith flaithiúil leo seachas a bheith ag iarraidh díoltas ar bith a bhaint amach nó a bheith amhrassach is naimhdeach fúthu. Thug sé cuairt faoi dhó ar Éirinn agus I mí Iúil 1990 tamall beag I ndiaidh dó a bheith ligthe saor ó phríosún rinneadh ghlac sé le Saoirse Bhaile Átha Cliath, ónóir a bronnadh air tamall roimhe sin agus é faoi ghlas. Bhí sé ina thacaí feadh an ama le próiseas na síochána agus caidreamh ar Leith aige le Sinn Féin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 22:14:19

Admin/login Comments RSS

ILBF