Neil Jordan ag eagrú feachtais i gcoinne ainm scribhneoirí a chur le loing an chabhlaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ar dtús b’iad na Gaeilgeoirí a bhí feargach faoi chinneadh Alan Shatter chun ainmneacha scríbhneoirí Béarla a chur ar loing an chabhlaigh seachas laochra ban Ceilteacha i nGaeilge. Ach anois tá Neil Jordan ag eagrú feachtais i gcoinne ainmniú loing armtha de chuid an chabhlaigh i gcuimhne ar scríbhneoirí na hÉireann. An tseaachtain seo caite bhain long nua de chuid an chabhlaigh, LE Samuel Beckett cuan Chorcaí amach agus tá an LE James Joyce le bheith réidh níos moille i mbliana. Deir Neil Jordan nach raibh aon rogha ag an bheirt scríbhneoir maidir lena n-ainm a bheith ceangailte le loing a bhfuil córas airm acu. Ach dar leis go bhfuil sé ag dul a eagrú scríbhneoirí is ealaíontóirí a shíneodh dearbhú nár mhaith leo a n-ainm a bheith ceangailte feasta le córais airm.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 23:53:02

Admin/login Comments RSS

ILBF