‘Ná stopaigí den agóidíocht’ – Yulia Tymoshenko

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Díreach I ndiaidh di a bheith ligthe saor ó phríosún inné dúirt iarPhríomh Aire na hÚcráine, Yulia Tymoshenko, le lucht agóide I gCív go gcaithfidh siad leanúint don agóidíocht. Dar léi nár cheart do dhuine ar bith acu dul abhaile ‘go dtí go bhfuil an jab déanta acu.’ Tá tacaíiocth mhór di I measc ghnáthphobail na hÚcráine ach tá go leor  den phobal in amhras fuithi agus bhí dúil an phobail inti ag trá go fiú sular gcuireadh faoi ghlas í in 2011. In ainneoin tuairimíocht a bheith ann sna meáin idirnáisiúnta go bhfuil an tUachtarán reatha, Viktor Yanukovych I ndiaidh imeacht ón tír tuigtear go bhfuil sé in oirthear na tire, an áit is mó tacaíochta aige, agus maíonn sé nach bhfuyil sé le héirí as. Chuir sé I Leith an fhreasúra sa tír go bhfuil siad ag iarraidh Uachtarán tofa a chur as cumhacht agus cumhacht a ghabháil acu féin. Tá teannas I gCív go foil ach is lú teannais ná roimhe cionn is na péas agus péas paraimíleatach a bheith imithe ar ais go beairic.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:08:46

Admin/login Comments RSS

ILBF