Na míltí ‘dearg le fearg’ ar shráideanna Bhéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Na míltí ‘dearg le fearg’ ar shráideanna Bhéal Feirste

 

Ciarán Ó Brolcháin

 

 

 

Bhuel, tharla sin.

 

Dé Sathairn seo caite tháinig timpeall seacht nó ocht míle duine go Béal Feirste le páirt a ghlacadh sa Lá Dearg, mórshiúl ag éileamh cearta, cothromas agus cóir do phobal na Gaeilge.

 

Bhí daoine ó gach cearn den tír i láthair, ó Ghlinntí Aontroma go Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Chomh maith leis sin bhí imeachtaí dlúthpháirtíochta ag titim amach i Meiriceá Thuaidh, le Gaeil i Nua Eabhrac agus i gCeanada ag déanamh a gcuidse le tacú leis an lá.

 

Tháinig an lá seo i gcomharba ar Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra. Tá feachtas náisiúnta a thógáil le cinntiú go mbeidh todhchaí ann don Ghaeilge, go maireann sí sna Gaeltachtaí agus go bhfuil na deiseanna agus an ceart ag pobal na teanga san iarGhaeltacht, idir thuaidh agus theas, lena saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

 

Ba é éirí as Sheáin Uí Chuirreáin, an Coimisinéir Teanga, a spreag na Gaeil i dtreo gnímh – go háirithe nuair a cuireadh i leith rialtas na Sé Chontae Fichead go raibh cur i gcéill ann maidir leis an teanga.

 

Ag an am chéanna foilsíodh tuairisc Comex a chuir locht ar fheidhmeannas Stormont as easpa dul chun cinn ó thaobh na Gaeilge de. Agus díreach ina dhiaidh sin d’fhógair Foras na Gaeilge an cinneadh s’acu faoin Samhail Nua Maoinithe agus ba iad eagraíochtaí sna Sé Chontae a bhí thíos leis.

 

Mar sin shocraigh roinnt Gael teacht le chéile agus imeacht mór a reáchtáil ag cur tús le feachtas a dhíríonn ar chúinsí sna Sé Chontae. Beartaíodh trí éileamh le bheith mar bhunchlochanna don fheachtas:

 

-          Go ritear Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe

-          Go gcomhlíonann an stát ó thuaidh a ndualgas reachtúil le go bhforbrófar córas Gaeloideachais

-          Go gcuirfear acmhainní cuí ar fáil ar son fhorbairt phobal na Gaeilge

 

Agus Dé Sathairn seo caite chonaic muid túsphointe an fheachtais.

 

D’éirigh daoine i mBéal Feirste an mhaidin sin agus chonaic siad an comhartha scríofa go soiléir ar an Sliabh Dubh – bhí ‘An Lá Dearg’ buailte linn. Bhí sé le feiceáil go soiléir ag gach grúpa ag teacht isteach sa chathair ar an mhótarbhealach chomh maith.

 

Obair iontach a bhí ann ó na Gaeil óga i Misneach Bhéal Feirste i gcomhar leis an ghrúpa ealaín Gael Force Art le tús spleodrach a chur leis an lá.

 

Agus bhí Gaeil óga ar thús cadhnaíochta i rith an lae. Bhí na fir agus mná óga seo ag stiúradh an mhórshiúil, agus job den scoth a rinne siad ag iarraidh na mílte daoine a láimhseáil – agus cúpla dineasár ar thaobh an bhóthair freisin (gan masla a chaitheamh ar ár gcara T-Rex Ó Saurus!)

 

Bhí Gaeil óga ar an ardán i rith na n-imeachtaí ag Cearnóg Theach an Chustaim. Bhí buíon cheoltóirí ó Choláiste Feirste ag bualadh leo nuair a tháinig an slua chuig an cheann scríbe. Bhí ceol chomh maith ó J.J. Ó Dochartaigh agus ó Éamonn Ó Faogáin, atá óg ina chroí gan amhras.

 

Ón ardán labhair na déagóirí Cassie Ní Chatháin agus Tigernach Ní Chasaide faoi chúrsaí oideachais, agus na héilimh a bhí acu le freastal ar Ghaelscoileanna gan bac. Labhair Móna Uí Dhochartaigh faoi chlann óg a thógáil trí Ghaeilge agus na deacrachtaí a bhain le seirbhísí a fháil.

 

Labhair Sara Ní Chuireáin ó Ghaeltacht Thír Chonaill faoin streachailt leis an Ghaeltacht a shábháil, rud atá iontach tábhachtach dúinn má tá muid chun an teanga a athbheochan ar fud na tíre.

 

Ach i mo bharúil féin ba é Aodh Óg Ó Gairbheith laoch an lae, gasúr Gaeltachta trí bliana d’aois a chan dán don slua a bhí lán le greann agus le cumhacht.

 

Thug an lá seans do dhaoine bualadh le chéile, agus díreach i ndiaidh na hocáide ag an Chearnóg bhí cruinniú i dTigh Uí Mhadáin. Bhí daoine ó Ghaeltacht Thír Chonaill agus ó Chonamara ann. Bhí daoine ó Bhaile Átha Cliath agus ó Bhéal Feirste ann, agus ó áiteanna nach iad.

 

Bíodh is go bhfuil an feachtas ag cur éileamh ar an stát, is cuid lárnach de chomh maith gréasáin a thógáil le Gaeil ar fud na tíre ionann is gur féidir linn cuidiú lena chéile lenár bpobail a thógáil arís.

 

Thig linn ceachtanna a roinnt agus dlúthpháirtíocht a léiriú mar níl aon fheachtas ‘áitiúil’ ann agus muid ag obair i dtreo athbheochan na Gaeilge agus athghabháil na hÉireann. Léirigh beagnach 10,000 duine sin ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathairn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:10:25

Admin/login Comments RSS

ILBF