Na mílte ar shráideanna fud na cruinne ag léiriú a dtacaíocht le Gaza
Radharcanna ón slógadh ag Halla na Cathrach i mBéal Feiste.
Bhí tuairim is 5,000 duine páirteach i léirsiú ar son phobal Gaza i mBaile Átha Cliath. Bhí slua ar aon mhéid, nach mór, i láthair do thionól taobh amuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Bhí slua nach beag páirteach i léirsithe i go leor bailte eile fud na tír, Corcaigh, Luimneach,. Doire, an Clár, an Lorgain, agus go leor eile. I Londain bhí corradh is 20,000 duine páirteach i léirsiú chuig Amabasaid Iosrael. Bhí namílte páirteach i léirsiú i nGlaschú Alban. I bPáras, Nice, Lille , Marseilles agus fiche cathair is baile eile sa Fhrainc bhí na mílte amuigh ag mór léirsithe ar son Gaza. I bPáras, beag beann ar chosc oifigiúil ar mhórshiúlta ar son Gaza, tháinig slua ollmhór amach lena dtacaíocht a léiriú. Bhí na mílte amuigh sa Bhruiséil agus anocht bhí na céadta páirteach i léirsiú ar son Gaza in Tel Aviv Iosrael agus in Haifa. Inné bhí na scórtha mílte páirteach i léirsithe ar son Gaza in Iostanbúl, i gCaireo, in Cape Town, i Nua Eabhrac, in Washington in Sile agus go leor cathracha eile. Chuir Sile stople cainteanna faoi chonradh tradála le hIosrael.