‘Ná húsáid an síneadh fada’ – Roinn Oideachais

náisiúnta, Nuacht24

Tá an Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath ag moladh dá cuid fostaithe gan an síneadh fada a úsáid agus iad ag clárú a n-ainmneacha i gcóras airgeadais na Roinne.

Dar le ceannasaí airgid na Roinne go ndiúltóidh bancanna d’aon ainm a bhfuil fada ann agus go mbeidh moill ar íocaíochtaí dá bharr.

Is féidir le córais airgeadais ar fud na hEorpa glacadh le sínte agus le litriú éagsúil agus tá roinnt oibrithe de chuid na Roinne Oideachais anois ag bagairt gearán a dhéanamh leis an Choimisinéir Teanga.

Dar leis an Choimisinéir go bhfuil cinnteacht tugtha ag an Roinn go gcuirfidh siad córas nua ríomhaireachta i bhfeidhm atá in ann déileáil le hainmneacha Gaelacha ach ní fios fós cá huair a ndéanfar seo.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 08:34:56

Admin/login Comments RSS

ILBF