Na Gardaí buartha faoi fheabhas na nótaí €50 bréagacha a ghabh siad

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Luach €2.1m de nótaí bréige €50 atá aimsithe anois ag na Gardaí ó thosaigh siad ar oibríocht dírithe ar lucht a ndéanta Dé Domhnaigh seo caite. Ach deir na Gardaí go bhfuil siad buartha faoi ardchaighdeán na nótaí agus buairt orthu lena chois go bhfuil scair de na nótaí bréige scaipthe cheana féin. Ghabh na Gardaí clódóir a bhí in úsáid, dar leo, chun na nótaí bréige a dhéanamh. Dúirt siad inniu go raibh na nótaí de chaighdeán chomh hard is nach n-aithneodh lucht siopa gur nótaí bréige iad go fiú dá ndéanfadh siad iad a scrúdú faoi sholas ualtraivialait.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 00:52:37

Admin/login Comments RSS

ILBF