Na Gardaí ag fiosrú marú iolar mara

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fuarthas marbh iolar mara i dTiobraid Árann ar na mallaibh agus sliogáin ó ghranghunna feadh a choirp. Thug an tAire Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Denihan ‘coir millteanach’ ar mharú an éin. Bhí an éin mara ar ilrín de bheirt a saolaíodh do dhá iolar mara a raibh nead acu ar Loch Dearg. D’imigh an ilrín agus ilrín eile ón nead roinnt míonna ó shin. Níor saolaíodh ilrín mara in Éirinn le 100 bliain anuas go dtí gur saolaíodh an bheirt seo agus tá buairt ann go gcuirfidh seo siar ar fad na hiarrachtaí atá ar bun chun an iolar a thabhairt ar ais sa tír seo. De réir scrúdú iarbháis mhair an t-iolar mara beo roinnt seachtainí i ndiaidh dó a bheith scaoilte nó bhí a cos briste agus níorbh fhéidir leis eitilt.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive