Na Gaeil i gcéin ‘ag teacht thar sáile’ do Lá Mór na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Teachtaireacht ó na Gaeil i gCéin, Gaeil a bhfuil cónaí orthu san Bheilg – tá a leathanach Facebook ag

https://www.facebook.com/NaGaeilIgCein

 

Rob Gunning trí Na Gaeil i gcéin

Beidh dream againne ag dul ón mBruiséil go Baile Átha Cliath don léirsiú an 15 Feabhra. An bhfuil sé beartaithe ag mórán agaibh bheith ann? Bhí caint Dhonncha Uí hÉallaithe ar Iris Aniar scanrúil!

 

Mar is eol daoibh, beidh dream de na Gaeil i gCéin ag dul go Baile Átha Cliath don léirsiú i gcoinne fhrithghaelachas státseirbhís na hÉireann agus easpa spéise an rialtais i gcearta lucht labhartha na teanga. Éistígí leis an bplé scanrúil seo ag Donncha Ó hÉallaithe ar Iris Aniar, RnaG, faoin gcaoi a bhfuil cúrsaí sa Ghaeltacht agus sa státseirbhís. Pictiúr scáfar a tharraingíonn sé – gan Gaeilge ach ag 1.5% den fhoireann sa roinn oideachais mar shampla! Béarla éigeantach le seirbhísí a fháil sa Ghaeltacht – tá uair na cinniúna ag teannadh linn. An mbeidh an Ghaeilge beo mar theanga pobail amach anseo? An ábhar tuar scoile a bheidh inti nach mairfidh ach ar an gclár dubh? Bígí i mBaile Átha Cliath linn an 15 Feabhra.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-25 19:56:40

Admin/login Comments RSS

ILBF