‘Ná foghlaim Gaeilge’ a mhaíonn ArdMhaistir an Ord Oraistigh i mBéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá ArdMhaistir an Ord Oráistigh I mBéal Feirste I ndiaidh moladh do Phrotastúnaigh gan Gaeilge a fhoghlaim. Bhí George Chittick ag caint ag léirsiú lucht brataigh I mBéal Feirste tráthnóna inniu. ‘Focal rabhaidh’ ar seisean leis an scaifte de 500 duine nó mar sin. ‘Is cuid den chlár oibre Poblachtach é foghlaim na Gaeilge agus cad a shíleann muid den chlár oibre Poblachtach……ní hea’ Agus é faoi agallamh ar ball luaigh an tUasal Chittick ar tharla le Hitler sa Sudetentland mar a bhí Gearmainís ag bunadh na tíre agus gur bhain Hitler úsáid as sin mar leithscéal chun an tír a ionradh. ‘Níl mé ach ag tabhairt rabhaidh faoin rud a tharla san Eoraip. Sin an leithscéal a bhí ag Hitler sa Sudetenland Bhí Gearmainís acu agus mar sin d’ionraigh sé. Thiocfadh le sin tarlúint anseo’ ar seisean. Dhearbhaigh an tUasal Chittick go bhfuil sé ag caint ar son an Ord Oráistigh. Dar leis nach raibh an Ghaeilge polaitiúil tráth den tsaol agus gur ghnách le fear acu sin a bhí ina Ard Mhaistir ar an Ord Oráristeach roimhe sin, Rudlege Kane, a bheith ag síneadh leabhair an Lóiste as Gaeilge. Ach dar leis go bhfuil Poblachtaigh I ndiaidh teanga pholaitiúil a dhéanamh den Ghaeilge agus gur theanga pholaitiúil anois í. Ní léir cé chomh ionadaíoch is atá caint an Uasal Chittick don phobal Protastúnach nó le tamall anuas is mó Protastúnach sa tuaisceart ag cur suime sa Ghaeilge ná riamh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 19:53:40

Admin/login Comments RSS

ILBF