Na céadta páirteach i léirsiú i mBéal Cú i gcoinne fraiceála

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí slua ollmhór i láthair oíche Luain chun a míshásamh a chur in iúl faoi phlean chomhlachta chun dul i mbun scoilteadh hiodrálach i bhFear Manach. Thosaigh Tamboran Resources  ar thocailt sa cheantar ar na mallaibh agus iad ag cur in iúl gur tastálacha atá ar bun acu agus nach bhfuil scoilteadh hiodrálach i gceist. Ach tá amhras ar mhuintir na háite faoin dearbhú sin agus deir duine acu, Donal O’Cofaigh, go bhfuil an pobal iontach corraithe, nach ndeachaigh an comhlacht i gcomhar le muintir na háite roimh tabhairt faoin tochailt, agus gur mhaith leis an phobal go stopfaí den tochailt mar go bhfuil cúis mhaith ag daoine a bheith buartha faoi scoilteach hiodrálach. Dar le Tabaron gur seo díreach tastálacha le fáil amach cé chomh mór is atá an gás atá faoi talamh sa cheantar agus ansin a mheas an mbeadh sé cost-éifeachtach é a thabhairt amach. Má tá ba mhaith leo dul i mbun scoilteadh hiodrálach taobh istigh de dhá bhliain. Ach tá an feachtas ina gcoinne ag bailiú nirt agus is cinnte go mbeidh freasúra nach beag dóibh má thugann siad faoina leithéid amach anseo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-23 08:05:08

Admin/login Comments RSS

ILBF