Molann Ní Thoirealaigh an tAire as a thiomantas don Ghaelscolaíocht

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Preas ráiteas

 

Molann Ní Thoirealaigh an tAire as a thiomantas don Ghaelscolaíocht

 

Inniu dúirt Róise Ní Thoirealaigh urlabhraí Shinn Féin ar an Ghaeilge gur thaispeáin An tAire Oideachais John O’Dowd a thiomantas don Gaelscolaíocht nuair a d’fhógair sé maoiniú do Scoil an Droichid agus do Ghaelscoil na gCrann

 

Dúirt Róise Ní Thoirealaigh,

 

“Leis an líon méadaitheach tuismitheoirí atá ag socrú a gcuid páistí a chur ar Ghaelscoileanna tá sé tábhachtach go mbeadh na háiseanna cuí ar fáil do na páistí sin, chun cur leis an eispéireas foghlamtha agus forbartha.

 

“Tá tiomantas an Aire John O’Dowd don Ghaelscolaíocht taispeánta aige go leanúnach – agus is ceann de shraith infheistíochta i nGaelscoileanna ar fud an tuaiscirt é, an fógra is deireanaí seo.

 

“Cinnteoidh an fógra maoinithe seo go mbeidh an dá scoil ábalta, ní amháin áiseanna foghlamtha nua-aimseartha a fhorbairt dár bpáistí, ach go mbeidh deiseanna ag níos mó tuismitheoirí a gcuid páistí a chur ar Ghaelscoileanna.”

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 19:52:10

Admin/login Comments RSS

ILBF