Mo bhuíochas le Dinny agus le Ruairí, le hAlan agus le hEnda – bualaí fir!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

 

Mo bhuíochas le Dinny agus le Ruairí, le hAlan agus le hEnda – bualaí fir!

 

le Gearóid Ó Cairealláin

 

I dtosach, mo mhórbhuíochas ó chroí leis an Aire Stáit Donncha Mac Fhionnlaoich.

Tuigim go maith nach bhfuil sé faiseánta a bheith ag moladh Dinny na saolta seo ach shnámh mé in aghaidh shrutha feadh mo bheo agus mar a deir siad, ‘Ná bris nós!’

Ar aghaidh liom mar sin.

Rith sé liom aréir nach dtig liom cuimhneamh ar aon Aire ná rialtas  le mo linn a chuir oiread feirge ná oiread álltachta ar Ghaeil na tíre is a chuir Dinny agus a rialtas orainn le roinnt blianta anuas.

Ar léirigh aon rialtas le cuimhne na gcat oiread deistíne is drochmheas don teanga, don Ghaeltacht, do lucht labhartha na teanga is a léirigh an dream seo?

Agus deirim arís é. Go raibh míle maith agat a Dinny! Nár laga Dia sibh.

Chorraigh sibh as ár suan muid. Chuir sibh gus agus brí agus sprolladh i ngluaiseacht a bhí lag go maith. Thug sibh dúinn Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Slán le Seán i gConamara agus in imeacht cúpla seachtain cuirfimid Lá Dearg Bhéal Feirste leis an liosta.

Tá an comhrialtas seo i ndiaidh gach gleas meastacháin feirge a bhí in úsáid ag na Gaeil go dtí seo a bhriseadh ina smidiríní.

Lean ort a Dinny

Coinnigh lásta í!

D’éist mé le caint Dinny ag Coiste an Oireachtais an tseachtain seo. Agus baineadh stangadh díom.

Dá mba i mBéarla a bhí an coiste seo bheadh ceannlínte fud na nuachtáin inniu faoin dóigh a bhí an tAire seachantach agus beagnach leithscéalach agus é ag iarraidh cuma éigin a chur ar teip i ndiaidh teipe an rialtais seo leis an Ghaeilge.

Sea, tá an ceart ag Dinny faoi rud amháin. Deir sé gur theip ar gach rialtas a chuaigh roimhe i leith na Gaeilge agus nach airsean atá an milleán as sin.

Tá an ceart aige.

Ach ar charn úd na dteipeanna tá cur-iarracht déanta ag an rialtas seo. Is seaimpíní iad. An bonn óir saothraithe acu.

Ó na mionrudaí ar nós fáil réidh le hainm Gaeilge na long ag cabhlach na hÉireann go dtí leithéidí a n-iarrachtaí chun cligean d’eagrais poiblí muid a chosc ó úsáid sloinnte Gaeilge tá an rialtas seo i ndiaidh buille a bhualadh ar gach uile saoránach ar mhór leo an teanga.

Ach a Dinny, a Enda, a Pat is a Ruairí, go raibh míle maith agaibh.

Nó tá sibhse i ndiaidh an rud a dhéanamh nach ndearna aon rialtas ó dheas leis na cianta.

Tá sibh i ndiaidh na dallóga a bhaint de shúile phobal na Gaeilge! Agus tá an pobal sin, gach mac máthara againn, (agus gach íníon máthara) dearg le fearg, rua le dua agus dorcha mar aon le corcra le méid ár míshásaimh.

Ní chreideann bunús Gael ó dheas a thuilleadh go bhfuil an rialtas ar son na Gaeilge.

Creideann siad a mhalairt. Creideann siad go bhfuil an rialtas seo maíte ar ligean don Ghaeilge bás a fháil. Creideann siad nach athbheochan atá idir lámh acu. Ach adhlacadh. Sin a fheiceann muid ar fad anois.

Agus sin túsphointe chun fíorghluaiseacht pobalach Gaelach a thógáil. Gluaiseacht a bheidh cumhachtach seachas caointeach.

Mar sin a chairde Gael, éirigh as an caoineadh agus tabhair faoi eagrú don Lá Dearg i mBéal Feirste. Agus tabhair lena chois le díograis faoi eagrú don toghchán a bheidh againn i gceann cúpla mí.

Ná bí buartha má táthar ag tabhairt cluas bodhair dúinn i láthair na huaire.

Cloisfear ansin muid.

Agus i ndiaidh dom an racht sin a chur uaim, (b’éigean é) ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar an dúshlán dochreidte atá roimh Rónán Ó Domhnaill atá díreach i ndiaidh dul i mbun a chuid oibre mar Choimisinéir Teanga.

Ba mhian liom mo chomhairle a thairscint dó, agus cead aige ar ndóigh neamhaird iomlán a dhéanamh de.

Ach ar mo chomhairle,  rith ar shiúil a Rónáin! Rith, ar chos in airde.

Tá teideal breá cumhachtach ag dul leis an phost agus dhéarfainn go bhfuil an tuarastal sásúil. Ach déan do mhachnamh faoi, sula gcríochnaíonn tú sa tsáinn chéanna inar chríochnaigh Seán Ó Cuirreáin, an fear a chuaigh romhat.

I ndomhan foirfe, dá mba í Mornacha Seaclaide Willy Wonka, a raibh cónaí orainn, b’fhéidir go mbeadh feidhm le Coimisinéir Teanga.

Nó i ndomhan foirfe bheadh polasaí dearfach ag rialtas na hÉireann i dtaca le hathbheochana theanga náisiúnta na hÉireann de. Bheadh sé leagtha amach ag na ranna éagsúla taobh istigh den earnáil phoiblí cad iad na seirbhísí a chuirfeadh siad ar fáil as Gaeilge.

Ansin bheadh sé de dhualgas ag an Choimisinéir Teanga na ranna úd a iniúchadh le fáil amach cé acu, bhí siad ag cloí lena bhfocal nó nach raibh. I gcás ar bith nach raibh siad ag déanamh beart de réir briathar bheadh sé de chumhacht ag Choimisinéir Teanga na ranna fealltacha úd a thabhairt os comhair na cúirte (faoi mar a rinne Coimisinéir Teanga na Breataine Bige le háisínteacht stáit an tseachtain seo). Iad a thabhairt suas go dtí an Chúirt Uachtarach dá mba gá.

Sea, sa domhan a ba bhreá linn ar fad mar Ghaeil, faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí, dhéanfadh na ranna rialtais úd a ndualgais a chomhlíonadh ó thaobh seirbhísí na Gaeilge de. Agus mura  ndéanfadh siad sin bheadh ardfheidhmeannaigh na ranna ag díol fíneálacha móra troma nó ag cur isteach tréimhse faoi ghlas!

Faoina leithéid de réimeas thiocfadh leat bheith damánta cinnte de go mbeadh seirbhís cheart ar fáil ag pobal na Gaeilge ón chéad lá a shuífeadh an Coimisinéir Teanga ina oifig nua.

Faraor ní i bParthas muid ná baol air.

Ní fada ó monarchan Willy Wonka atá muid!

Is é lomchlár na Fírinne é gur cuma le Rialtas na hÉireann sa tsioc faoi athbheochan na Gaeilge. Breá sásta atá siad go ndéanann ranna éagsúla na hearnála poiblí neamart i seirbhísí Ghaeilge a sholáthar. Ach ná creid uaimse é, ná tóg m’fhocalsa mar a bheadh focal Dé ann.

B’fhearr i bhfad an fhianaise a scrúdú nó tá an fhianaise ansin, neart fianaise go glinn soiléir. Áirim go bhfuil sé trí bliana déag agus ceithre scór ó bunaíodh Saorstát Éireann. Sin beagnach céad bliain. San am sin uilig go léir is ar éigean go ndearna Rialtas na hÉireann faic – faic na ngrast fiúntach ar son na Gaeilge.

Cinnte le Dia tá na páirtithe polaitiúlta breá sásta polasaí iontach a bheith acu faoin Ghaeilge ach botún mór smaoineamh go bhfuil ceann ar bith de na pártithe dáiríre.

Dáiríre a deir tú….an bhfuil tú as do mheabhair ar fad?

Is é fíorpholasaí na bpáirtithe go mbeadh cúpla focal ag a lán daoine ar fud an stáit – ar fud an dá stát fiú – ach chan go mbeadh an dá theanga in úsáid!

Chan sin, chan sin, cinnte le Dia, chan sin…….

Tuigtear an fhírinne ón rud a tharlaíonn nuair a thoghann na daoine páirtí nó páirtithe a bheith ina rialtas.

Bíonn na polasaithe breatha acu go fóill ach anois tá sainordú acu ó mhuintir na hÉireann na polasaithe a chur i bhfeidhm. Agus lena chois tá an cumhacht acu.

Agus cad a dhéanann siad?

Imíonn siad ó gach a gheall siad roimh an toghchán.

Droim láimhe glan ar gach a gheall siad cúpla mí roimhe nuair a chnag siad ar do dhoras agus chaith seal ag lascadh an rialtais reatha as a bheith ag loic ar an teanga!

Sin an chúis gurb í mo chomhairle don Choimisinéir Teanga nua, ‘Rith ar shiúl a chara! Rith ar shiúil ar chosa in airde!’

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 06:48:58

Admin/login Comments RSS

ILBF