Míshámh go fóill i bPáirtí an Lucht Oibre faoi sceitheadh eolais maidir le taillí uisce

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir roinnt Teachtaí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre go bhfuil na moltaí maidir le taillí uisce a poiblíodh inné míshásúil agus neamhchríochnaithe agus dúirt foinse údarásach sa pháirtí go bhfuil bearna nach beag idir an dá pháirtí maidir leis an leagan amach cuí do na taillí. Dar leis an Aire Jan O’Sullivan nach bhfuil aon rud socruithe faoin cheist agus cheistigh sí an téarmaíocht ‘meán-theaghlach’ a bhí in úsáid ag polaiteoirí Fhine Gael agus ag na meáin agus iad ag caint faoin cheist. ‘Níl a leithéid de rud ann agus gnáththeaghlach’ ar sise. ‘Tá an iliomad sórt teaghlaigh ann agus mar sin ní dóigh liom go gcuideoidh an chaint seo ar fad faoi ‘meán-teaghlach’ le daoine a áireamh cén táille a bheidh le híoc acu.’ Tá an cheist le plé arís ag an Chomhaireacht i gceann coicíse ach tá cúlbhinseoirí Pháirtí an Lucht Oibre míshocair go bhfuil aird an phobail á díriú ar an cheist, agus ar roinnt moltaí iontach conspóideach, gan ach 36 lá le go mbeadh na toghcháin ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 07:16:15

Admin/login Comments RSS

ILBF