Mícheál Ó Leidhin ceaptha ina Eagraí Polaitíocht ag RTÉ RnaG

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

            Mícheál Ó Leidhin ceaptha ina Eagraí Polaitíocht ag RTÉ RnaG

 

D’fhógair RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil Mícheál Ó Leidhin ceaptha ina Eagraí Polaitíochta ag an tseirbhís.

 

Is as Baile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCo. Chiarraí do Mhícheál.  Tá sé ag obair mar Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta le bliain anuas, ag obair ar chláracha nuachta na seirbhíse go príomha, ina measc Adhmhaidin, Nuacht a hAon agus Cormac ag a Cúig.  Roimhe sin, chaith Mícheál trí bliana ag obair mar iriseoir le Nuacht TG4/RTÉ i mBaile na hAbhann agus i mBaile Átha Cliath.

Ag caint ar a cheapachán, dúirt Mícheál:

‘Pribhléid is ea é domsa a bheith ceaptha i m’Eagraí Polaitíochta do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus táim ag tnúth go mór leis an dúshlán atá romham.’

 

Dúirt Ceannaire na seirbhíse, Edel Ní Chuireáin:

‘Fáiltím roimh cheapachán Mhíchíl mar Eagraí Polaitíochta nua RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Is iriseoir den scoth é, agus cuirfidh a chuid oibre sa Dáil go mór le soláthar nuachta na seirbhíse.  Guím gach rath air ina phost úr. ‘

 

Chomh maith lena chuid taithí sa chraoltóireacht, tá taithí ag Mícheál i gcúrsaí múinteoireachta agus aistriúcháin freisin.  Tá Máistreacht sa Nua-Ghaeilge aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus chaith sé roinnt blianta ag obair le comhlachtaí éagsúla aistriúcháin sular bronnadh scoláireacht Fulbright air sa bhliain 2009 leis an nGaeilge a mhúineadh in Ollscoil Montana i Meiriceá.

Beidh Mícheál Ó Leidhin ag dul i mbun dualgais mar Eagraí Polaitíocha na seirbhíse i mí Mheán Fómhair, agus beidh sé lonnaithe sa Dáil.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-30 00:03:06

Admin/login Comments RSS

ILBF