Michael Ó Nuanáin – leanfaidh mé liom i mo Aire Airgeadais in ainneoin tinnis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Thug an tAire Airgeadais le fios inniu go deachaigh sé faoi scian agus go raibh sé ag dul faoi raiditeiripe ar feadh cúig seachtaine cionn is ailse a bheith aige. Deir an tAire gur aimsigh sé cnap faoi chóngar dá ghualainn i mí Feabhra agus gur tugadh le fios gur sarcóma a bhí i gceist. Tá an cnap bainte ar shiúil anois i ndiaidh dó dul faoi scian an tseachtain seo caite agus is é tuairim na ndochtúirí gur bheag baol go dtiocfaidh a leithéid aríd. Ghabh sé buíochas leis an fhoireann uilig a chuidigh leis agus dúirt go leanfadh sé ar aghaidh ina Aire Airgeadais, ar chead an Taoisigh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 10:11:09

Admin/login Comments RSS

ILBF