Méara Toronto, Rob Ford, faoin spotsholas arís

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Lá eile, físeán eile!

Tá seanaithne ní amháikn ag pobal Toronto ach ag an domhan ar Mhéar na cathrach, Rob Ford, a shéan ar feadh i bhfad agus ansin a d’admhaigh gur ghlac sé cocaon, gur bhagair sé ar dhaoine eile agus go raibh iompar s’aige i bhfad ó bheith foirfe in amanna. Bhí an Méara ag cur in iúl ó shin go bhfuil sé chun éirí as an ól ach inné cuireadh físeán nua ar an líon agus cuma ar an Uasal Ford go raibh sé súgach nó ólta agus é ag caint go ciotach le hiriseoirí. Dar leis nach raibh sé ólta ná baol air ach go raibh beagán le hól aige agus é amuigh le cairde ina am saor.  Armlón a bheidh ann áfach dá lucht cáinte sa Chomhairle, atá líonmhar. Ach tá scair mhaith de vótóirí a thug le fios nach gcuireann iompar an Mhéara isteach orthu fad is go ndéanann sé a obair mar Mhéara go maith agus go héifeachtach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 18:14:39

Admin/login Comments RSS

ILBF