Méadú faoi deich ar an líon imirceach ag teitheadh ón Afraic go dtí an Iodáil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rinne cabhlach na hIodáile 1,123 duine a tharrtháil ó bháid bheaga amach ó chósta Lampedusa in imeacht 24 uaire ar na mallaibh, an chéad uair ar tharla a macasamhail ar an scála sin. Bhí na imirceach in ocht mbád bheag agus báirse agus níor cailleadh duine ar bith acu de réir dealraimh. Ach seacha cailleadh na gcéadta teifeach anuraidh a bheith ag cur drogall ar na mangairí tá an líon teifeach atá á gcur méadaithe as cuimse le tamall anuas agus dar le cabhlach na hIodáile go bhfuil brú millteanach orthu. Tháinig 2,000 imirceach i dtír san Iodáil í mí Eanáir, méadú faoi deich ar an mhí Eanáir seo caite. Cuireadh in iúl fosta go bhfuarthas seacht gcorp amach ó chósta na Maróc oíche Dhéardaoine. Bhí an seachtar i slua de 400 imirce a bhí ag iarraidh fáil a fhad le Ceuta, críocha de chuid na Spáinne faoi chóngar don Mharóc.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-22 18:25:19

Admin/login Comments RSS

ILBF