Matt Baggott le héirí as mar Ard-Chonstábla an PSNI

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair Matt Baggott inniu nach mbeidh sé ag lorg síneadh ar a chonradh a bheidh istigh i mbliana. Beidh sé ag éirí as an phost i gceann roinnt míonna. Tá a chonradh le bheith istigh i mí Meán Fómhair i mbliana. Ghlac sé leis an phost i 2009. Níl sé ach mí ó thug leasArd Chonstábla de chuid an PSNI, Judith Gillespie, le fios go bhfuil sí le héirí as an fhórsa gan mhoill. Bhí barúil láidir ann go mbeadh sise ar an chéad bhean le dul i gceannas ar an PSNI. Ciallaíonn imeacht na beirte seo go mbeidh atheagar bunúsach i gceannaireacht an PSNI i mbliana.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:34:53

Admin/login Comments RSS

ILBF