‘Masla agus tubaiste’ – Aire ar bith le Gaeilge chun plé le ceisteanna Dála inniu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cháin Aengus Ó Snódaigh an rialtas inniu as gan aon Aire le Gaeilge a bheith curtha ar fáil acu chun ceisteanna na gceannair a fhreagairt í as Gaeilge sa Dáil. ‘Tubaiste agus maslach’ a thug sé ar an dóigh nach raibh aon Aire le Gaeilge ag an rialtas inniu, i Seachtain na Gaeilge, chun ceisteanna as Gaeilge a fhreagairt i nGaeilge. Dúirt an tAire Richard Bruton nach mbeadh a Ghaeilge maith go leor chun plé go sásúil leis an chineál díospóireachta a bhíonn sa Dáil. Dúirt Eamon Ó Cuív gur mhol seisean don rialtas glacadh le ceisteanna Dé Máirt nó Dé Céadaoine sula n-imeodh an Taoiseach agus an Tanáiste, beirt a bhfuil líofacht Ghaeilge acu, amach as an tír.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-18 19:25:08

Admin/login Comments RSS

ILBF