Martin Mc Guinness le bheith i láthair ag cóisir Bhanríon Éilís na Breataine

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dherbhaigh Gearóid Mc Adam anocht go mbeidh Martin Mc Guinness páirteach I gcóisir ag Caisleán Windsor I Sasana chun cuairt an Uachtaráin Michael D Higgins ar an Bhreatain Mhór a cheiliúradh. Dúirt ceannaire Shinn Féin gur dócha go dtabharfadh an cinneadh deachrachtaí do Phoblachtaigh áirithe agus daoine eile ach d’iarr sé orthu tuiscint don chomhthéacs. Mhaígh sé go bhfuil an cinneadh déanta I gcomhthéasc na n-iliomad athrú mór a tharla le blianta anuas agus Poblachtaigh fós ag iarraidh Éire aontaithe, Éire aontaithe mar a dhéanfaí sólathar do aontachtaithe. ‘Tá bealach síochánta ann anois chun an tír a aontú agus críochdheighilt a thabhairt chun deiridh’ ar sé.’Glacann Sinn Féin leis go bhfuil dualagas orainn aontachtaithe a mhealladh le tuiscint go bhfuil Éire comhaontaithe gan deighilt ar a leas.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 11:46:26

Admin/login Comments RSS

ILBF