Margaretta D’Arcy tugtha go Príosún Luimnigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an gníomhaí frithchogaidh Margeretta D’Arcy i ndiaidh a bheith gafa sa bhaile i nGaillimh ar maidin inniu agus tugtha go Príosún Luimnigh tuigtear. Bhí sí os comhair cúirte ar na mallaibh mar gheall ar agóidí a tharla ag Aerfort na Sionainne cionn is an aerfort a bheith in úsáid ag arm Mheiriceá agus iad ar a mbealach chuig cogaí éagsúla sa MheánOirthear. Tá Margaretta D’Arcy 79 bliain d’aois agus galar Parkinson ag cur as di. Meastar gur dhiúltaigh sí barántas a shíniú le dearbhú nach bhfuil sí chun a bheith páirteach amach anseo i léirsithe ag Aerfort na Sionainne.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 10:05:00

Admin/login Comments RSS

ILBF