Margaretta D’Arcy le saoradh inniu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Margaretta D’Arcy le ligean saor ó phríosún Luimnigh ar maidin i ndiaidh di tuairim is mí eile a chaitheamh faoi ghlas. Is é seo a dara seal príosúnachta nó chaith sí naoi seachtain faoi ghlas níos luaithe i mbliana as diúltiú barrantas a shíniú ag dearbhú nach rachadh sí i mbun agóide i gcodanna áirithe de Aerfort na Sionainne. Tá sí ochtó bliain d’aois agus í ag fáil cúram as ailse ach dar léi nach rún di seasamh siar ó bheith ag agóid i gcoinne rialtas na hÉireann ligean d’arm Mheiriceá aerfort na Sionainne a úsáid.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-23 08:20:14

Admin/login Comments RSS

ILBF