Margaretta D’Arcy curtha faoi ghlas go gceann trí mhí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh picéad ar an Roinn Dlí is Cirt, 94 Fáiche Stiofáin, i mBaile Átha Cliath amárach 1.00 – 1.45 in  mar agóid i gcoinne cur faoi ghlas Margaretta D’Arcy.

Tugadh le fios inniu go gcaithfidh Margaretta D’Arcy 3 mhí faoi ghlas cionn is gur dhiúltaigh sí inné dearbhú a shíniú go gcloífeadh sí leis an dlí agus go bhfanfadh sí amach as codanna áirithe de Aerfort na Sionainne. Bhí sí páirteach go minic i léirsithe mar gheall ar arm Mheiriceá a bheith ag úsáid an aerfoirt agus ciontaíodh í i bhfómhar na bliana seo caite i gcuideachta le Niall O’Farrell as cur isteach ar eitiltí ann. Tá galar Parkinson uirthi agus bhí sé ag fáil go dtí le déanaí cúram as ailse agus ó tharla go bhfuil sí 79 bliain d’aois tá buairt ann faoina sláinte s’aici.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 16:34:33

Admin/login Comments RSS

ILBF