Margaretta D’Arcy ciontaithe as agóid, baol príosúin as an úr

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ciontaíodh Margaretta D’Arcy agus Niall Farrell ag cúirt i nGaillimh inné as dul isteach i gcuid d’Aerfort na Sionainne atá cosctha ar an phobal i mí Meán Fómhair anuraidh. Gearradh príosúnacht coicíse orthu, curtha ar fionraí. D’ordaigh an breitheamh don bheirt dearbhú a shíniú nach rachaidh siad isteach sa chuid seo den aerfort feasta ach tuigtear go bhfuil Margaretta D’Arcy chun diúltú a leithéid a shíniú faoi mar a rinne sí ag tús na bliana nuair a chaith sí roinnt míonna faoi ghlas. Tá drochshláinte uirthi agus tá sí ag fáil cúram leighis as ailse. Bhí Mairead Corrigan Maguire agus Clare Daly orthu siúd a bhí ag an chúirt inné chun a dtacaíocht a léiriú di.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-22 03:37:47

Admin/login Comments RSS

ILBF