Maoiniú ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maoiniú ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta d’Europus Teo agus d’Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo le cúrsa Gaeilge Fheidhmeannach agus Aistriúcháin a sholáthar

 

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta Dé hAoine seo caite (20 Meán Fómhair 2013) ceadaíodh soláthar airgid €113,000 d’Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo agus Europus Teo le cúrsa Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeannach agus Aistriúcháin a chur ar fáil i gCarna, Co. na Gaillimhe don bhliain acadúil 2013-14.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin: “Tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Údarás in earnáil na fostaíochta teangabhunaithe le blianta anuas trí mhaoiniú ar chúrsaí tríú leibhéal le soláthar daoine oilte sa Ghaeltacht a chinntiú agus chun fiontraithe a chothú le dul i mbun a ngnóthaí féin. Leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fheidhmiú, beidh gá le daoine oilte i gcúrsaí gairmiúla Gaeilge agus beidh deiseanna ag muintir na Gaeltachta teacht i dtír ar na poist seo ach oiliúint cuí a bheith faighte acu. Tacaíonn an cúrsa seo leis an aidhm sin a bhaint amach.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 12:34:41

Admin/login Comments RSS

ILBF