‘Maith thú an Enda’ – úúps ar dhúirt mise sin!!!! – Gearóid Ó Cairealláin

gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

An Bhuille ar Buile

 

le Gearóid Ó Cairealláin

 

 

 

B’fhéidir – cad atá á rá agam – scéal cinnte é nach raibh ann ach buille ghlic pholaitiúil. Ach molaim an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith, as a mholadh ar namallaibh go mbunófaí foireann sacair uile – Éireann a d’imreodh cluiche amháin in éadan fhoireann Shasana gach dara bliain chun airgead a thógáil ar son carthanacht na bpáistí breoite.

Cé nach bhfuil feoil ar bith ar chnámha an mholta seo go fóill tá mise den bharúil gur beart ceart é a ghnóthódh tacaíocht ollmhór ó lucht sacair agus ó leantóirí spóirt go ginearálta ar fud na hÉireann agus na Breataine.

Níor mhiste díospóireacht a dhéanamh arís faoi bhunú fhoireann uile – Éireann agus foireann rugbaí na hÉireann againn mar aon le foireann gailf, le foireann dornálaíochta, le foireann lúthchleasaíochta agus eile.

Mo dhearmad – tá foireann cruicéid againn agus foireann leadóg boird chomh maith!

Ní raibh foireann sacair uile – Éireann againn ón chríochdheighilt anall. De réir an bhéaloideas is ar Chumann Sacair Thuaisceart Éireann (IFA) atá an locht. Ach is é mo thuairim agus tuairim go leor eile gur an-smaoineamh go deo ar fad é agus má théitear ar aghaidh leis b’fhéidir gurb é an oidhreacht is fearr a dtiocfadh leis an Taoiseach reatha a fhágáil againn.

Láithreach bonn tugann sé iarracht Derek Dougan chun foireann sacair uile – Éireann a bhunú sna seachtóidí. Nuair a sceitheadh reamhaisnéis faoin phlean acu chuaigh an IFA boc neá agus rinne siad gach iarracht deireadh a chur leis an phlean.

Lean Dougan ar aghaidh lena smaoineamh, áfach, agus thug sé an fhoireann le chéile faoi ainm Shamrock Rovers XI mura bhfuil dul amú orm. Níl Google agam faoi láthair ach de réir mo chuimhne chomh maith le Derek Dougan é féin d’imir Pat Jennings ar an fhoireann sin chomh maith le triúr eile as an tuaisceart.

D’imir Shamrock Rovers XI i gcoinne na Brasaíle – a bhí ag an am sin ina curaí domhanda – i gcluiche a chríochnaigh 3 do na hÉireannaigh i gcoinne 4 don Bhrasaíl.

Shíl Dougan go raibh go leor déanta aige le fiúntas fhoireann sacair uile Éireann a chruthú. Ach ina áit sin, faraor, níos ligeadh don smaoineamh forbairt níos mó ina dhiaidh sin agus roimh nó i ndiaidh na cluiche chuir déithe bheaga an IFA in iúl nach raibh Derek Dougan le himirt d’fhoireann na Sé Chontae arís.

Chreid mise i gcónaí gur chuidigh an frustrachas as gan foireann náisiúnta a bheith in Éirinn le George Best a chur ar shlí a aimleasa.

Cibé faoi sin is uile seo scéal eile ar fad atá curtha chun cinn ag an Taoiseach.

Ach an tacaíocht cheart pholaitiúil agus ghné sin na carthanachta a bheith ag baint leis, b’fhéidir go n-éireodh leis an cheann seo.

Tá a fhios agam gur ag caint i bhfad róluath atá mé, ach samhlaigh cluiche amháin idir Éire agus Sasana a bheith á imirt os comhair breis agus ochtó míle i bPáirc an Chrócaigh.

Sin agat na milliúin punt ar son na carthanachta agus deis amharc ar na féidearthachtaí a bheadh ann d’fhoireann uile Éireann amach anseo. Cad é a dtig liom a rá ach ‘Gabh, gabh, gabh!!!!!!’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 20:06:15

Admin/login Comments RSS

ILBF