Maisitheoir Leabhair as Doire ar ghearrliosta ‘Leabhar na Bliana’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

John McCloskey04Maisitheoir Leabhair as Doire ar ghearrliosta ‘Leabhar na Bliana’

 

Bronnfar gradam ‘Leabhar na Bliana’ i mBaile Átha Cliath ar an Chéadaoin 13 Samhain agus i mbliana tá fear as Doire ar an ghearrliosta.

 

Tá John McCloskey ón Chreagán ag obair mar mhaisitheoir leabhair le breis agus fiche bliain anuas  agus tá leabhar dá chuid, An Béal Bocht, i measc cúig leabhar, atá gearrliostáilte i gcatagóir ‘Leabhair do dhaoine fásta’.

 

Urraítear ‘Leabhar na Bliana ag Foras na Gaeilge agus riartar é ag Oireachtas na Gaeilge. Tá deich leabhar ar fad ar an ghearrliosta, cúig i gcatagóir na ndaoine fásta agus cúig eile i gcatagóir na bpáistí. Fógróidh Uachtarán na hÉireann an bheirt bhuaiteoirí ar an iomlán ag an searmanas ar an tseachtain seo chugainn.

 

Dúirt an tUasal McCloskey, a oibríonn ag The Nerve Centre i nDoire go raibh lúcháir air gur gearrliostáladh a chéad úrscéal grafach.  Dúirt sé “Is mór an onóir liom é gur gearrliostáladh mo shaothar don ghradam seo. Bhain mé an-sult go deo as bheith ag obair ar an leabhar seo agus thug sé sásamh domh leabhar clóite a tháirgeadh mar go maireann tromlach mo chuid oibre sa saol digiteach. Nuair a léigh mé an bunúrscéal thuig mé gur mhaith liom an maisiúchán a choinneáil saor agus garbh. D’oibrigh mé díreach ó mo shamhlaíocht in áit tarraingt ón fhíorshaol.”

 

Bronnfar Gradam Réics Carló (daoine óga) ar cheann amháin de na leabhair seo:

 

·         Mise agus an Dragún, scríofa ag Patricia Forde, maisithe ag Steve Simpson, foilsithe ag Futa Fata

·         Gráinne Mhaol, scríofa ag Gisela Pizzatto, maisithe ag Bruno Bull, foilsithe ag Cló Mhaigh Eo

·         Báidín Fheidhlimidh, Ionad Oideachais Ghort an Choirce a léírigh an pacáiste, , maisithe ag Dara McGee agus Deirdre Brennan,  foilsithe ag Eoghan Mac Giolla Bhríde & Éabhlóid Vaimpír san Áiléar, scríofa ag Orna Ní Choileán, maisithe ag Alan Keogh, foilsithe ag Cois Life

·         An Toirtís Chainteach, scríofa ag Aoife Ní Dhufaigh, maisithe ag Dómhnal Ó Bric,  foilsithe ag Gathanna Gréine

Bronnfar Gradam Uí Shúilleabháin (daoine fásta) ar cheann amháin de na leabhair seo:

 

·         Conamara agus Boston, scríofa ag Máirtín Ó Catháin, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

·         Leabhar Laethanta, scríofa ag Donla uí Bhraonáin, foilsithe ag Cois Life

·         Leabhar Mór na nAmhrán, curtha in eagar ag Mícheál O Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin, foilsithe ag Cló-Iar Chonnacht

·         An Blascaod Mór, le Daithí agus Mícheál de Mórdha, foilsithe ag The Collins Press

·         An Béal Bocht, scríofa ag Myles na gCopaleen, foilsithe ag Cló Mhaigh Eo

 

Ag tagairt don ghearrliosta, dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá caighdeán na leabhar Gaeilge ag dul i dtreise gach aon bhliain agus ní haon eisceacht é caighdeán na bliana seo. Le maoiniú €80,000 ó Fhoras na Gaeilge, tá feachtas mór ar bun mar thacaíocht d’obair fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge chun spotsolas a scaladh ar líon agus ar ardchaighdeán na leabhar atá ar fáil agus beidh tréan-iarracht ar siúl ag an earnáil foilseachán leabhar Gaeilge, ag súil gurb í seo an bhliain díolaíochta is fearr riamh a bheidh acu – agus béim mhór á cur ar leabhair Ghaeilge mar bhronntanais Nollag”.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 02:44:37

Admin/login Comments RSS

ILBF