Mairéad Ní Nuadháin, RTÉ, le labhairt ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Mairéad Ní Nuadháin, RTÉ, le labhairt ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Labhróidh Mairéad Ní Nuadháin, Ceannasaí ar Chaidreamh Seachtrach in RTÉ, ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014 faoin tuarascáil a d’fhoilsigh RTÉ le déanaí maidir lena chuid seirbhísí Gaeilge. Seo é an chéad uair a dhéanfaidh urlabhraí ó RTÉ an tuarascáil a phlé leis an earnáil a bheidh ag teacht faoi thionchar na tuarascála sin. Tá a lán moltaí sa cháipéis maidir le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge RTÉ, ina measc, ceapachán sinsearach a dhéanamh san eagraíocht chun freagracht a ghlacadh don Ghaeilge.

“Tá sé tráthúil go mbeidh an tuarascáil seo á plé ag ócáid bhronnta na nGradam Cumarsáide i mbliana,” a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.  “Is tuarascáil shuntasach í, ní amháin ó thaobh earnáil na meán cumarsáide de ach ó thaobh stádas na Gaeilge freisin agus tá an-áthas orm go mbeidh Mairéad Ní Nuadháin linn chun an t-ábhar a phlé. Go deimhin is céim eile í an chaint seo sa leathnú agus sa bhforbairt atá á dhéanamh againn ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. I measc na bhforbairtí eile tá córas nua moltóireachta curtha i bhfeidhm againn i mbliana agus, den chéad uair riamh, beidh an pobal mór in ann an searmanas bronnta a leanúint, ar shuíomh an Oireachtais ag www.antoireachtas.ie agus freisin ar www.tg4.tv.”

Beidh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar siúl Dé hAoine, 16 Bealtaine in Óstán Galway Bay.

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:59:04

Admin/login Comments RSS

ILBF