Mairéad Mc Guinness tofa, Attwood (SDLP) is Nicholson (UUP) san iomaíocht don tríú suíochán ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí casadh nach raibh dreim leis sa toghchán ó thuaidh inniu nuair a chuir aistriúcháin ó Anna Lo Alex Attwood chun tosaigh ar Jim Allister is Jim Nicholson agus d’fhág é san iomaíocht don suíochán deiridh Eorpach. Ní cosúil go mbainfaidh sé é nó ní bhfaighfidh sé mórán aistriúchán ó vótóirí Jim Allister (TUV) ach cuirfidh sé snás ar iarracht seo an SDLP. Agus thógfaidh sé ceist faoi straitéis toghcháin Shinn Féin nó is léir go raibh céatadán iontach ard dá vótóirí siúd a vótáil do Martina Anderson ach nár thug  rogha dó ná duine ar bith eile de na hiarrthóirí. Bheadh an dara suíochán náisiúnach ann, gach seans, ach an dá pháirtí náisiúnach aontú ar oibriú as lámh a chéile. Tá Alex Attwood ar 112,822 vóta anois, chun tosaigh ar 99,260 Jim Nicholson agus aistriúcháin Jim Allister le scaipeadh. Tá iarrthóir an DUP, Diane Dodds, ar 143,009 vóta.

I dtoghcheantar L ár Tíre/Thiar/ Thuaidh tá Mairead Mc Guinness, Fine Gael, tofa ar an cúigiú chuntas. Nuair a aistríodh vótaí Jim Higgins, FG, bhí 135,698 vóta aici, 6,408 vóta thar an chuóta. Tá dreim le Matt Mc Carthy a bheith tofa go luath nó tá sé faoi láthair ar 126,492 agus cuóta 129,290 ann. Tá Marian Harkin i ndiaidh dul chun tosaigh ar na hiomaitheoirí ó Fhianna Fáil agus í ar 95,577 vóta, i gcomparáid le 67,606 ag Pat the Cope agus 63,362 ag Thomas Byrne. Beidh cuid mhór ag brath anois ar cé chomh dírithe is a bhíonn aistriúcháin Thomas Byrne agus má théann a bhformhór mhór acu chuig Pat the Cope. Beidh sé teann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive