Lucht brataigh ag beartú léirsiú nua ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar leis an eagras an Loyal Peaceful Protestants go mbeidh siad ag cur chun tosaigh iarratas ar chead mairseála trí lár Bhéal Feirste 30 Samhain chun comóradh ar an am nuair a beartaíodh bratach Shasana a chrochadh ar bharr Halla na Cathrach i mBéal Feirste 17 lá sa bhliain seachas 365 lá. Chuir siad iarratas i láthair Choimisiún na Mórshiúlta ag deireadh na seachtaine seo caite do mhórshiúil le 5,000 duine agus 40 buíon ceoil ach rinne siad é a aistharraingt nó dar leo go mbeidh níos mó daoine is buíonta ceoil ná mar a síleadh páirteach ann. Beidh siad ag cur iarratas nua chun tosaigh go luath deir siad. Tá aontachtaithe ag iarraidh go gcuirfí bratach Shasana in airde ar Halla Cathrach Bhéal Feirste 365 lá sa bhliain agus tá siad feargach lena chois nár lig an Coimisiún Mórshiúlta dóibh mairseáil thart ar Ard Eoin ar an Dóú Lá Déag. Ó shin i i leith bíonn léirsithe is mórshiúlta acu ar bhonn rialta i gceantar Twadell, ceantar mar a bhuaileann cuid uachtar den tSeancill suas le ceantar náisiúnach Ard Eoin. Measann an PSNI go bhfuil costas £60,000 sa oíche ar shlándáil sa bhreis a sholáthar sa cheantar seo mar gheall ar na léirsithe seo. Chuaigh roinnt gnóithe as gnó agus rinne dílseoirí ionsaí ar Halla na Cathrach am Nollag/na bliana úire anuraidh agus aontachtaithe ag agóid i gcoinne srianta a bheith ar chrochadh an bhrataigh ar Halla na Cathrach. Mhol Peter Robinson do dhílseoirí is aontachtaithe machnamh ar na himpleachtaí a bheadh ann do jabanna is don gheilleagar sa tuaisceart má thugann siad faoi léirsithe i mbliana am na Nollag.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-23 08:18:38

Admin/login Comments RSS

ILBF