Liosta de ‘homaighnéasaigh aitheanta’ foilsithe ag nuachtán tablóideach in Uganda

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Lá i ndiaidh don rialtas Uganda dlíthe thar a bheith smachtúil a achtú i gcoinne homaighnéasach rinne nuachtán tablóideach liosta den ’200 homaighnéasach is aitheanta’ a fhoilsiú. Tá roinnt de na daoine atá luaite ar liosta ‘Red Pepper’ ina gcónaí thar lear ach meastar go bhfuil a mbunús ina gcónaí in Uganda i rith an ama. Tá réalt ceoil, gníomhaithe ar cheisteanna aeracha, sagart Caitliceach agus roinnt ban ar an liosta.  Inné shinigh an tUachtarán Yoweri Museveni an dlí nua a chuireann go mór le pionós d’fhear ar bith a chiontítear as a bheith i mbun gnéis le fear eile. Tá pionóis troma, ó phionós saoil go 5-7 mbliain faoi ghlas mar aon le fineáil ollmhór, leagtha amach do dhuine a chiontítear as aon cheann de réimse leathan ‘coireanna’ ó chollaíocht go cur chun tosaigh an homaighnéasachais. Dar le duine de na polaiteoirí sin a chuir na dlíthe nua chun tosaigh, David Bahati, gur iompar é an homaighnéasachas a dtig a fhoghlaim agus a dhífhoghlaim.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive