LÍNE LEATHBHEALAIGH BAINTE AMACH AG AN gCURIARRACHT DHOMHANDA

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

LÍNE LEATHBHEALAIGH BAINTE AMACH AG AN gCURIARRACHT DHOMHANDA DON CHOMHRÁ GAEILGE IS FAIDE RIAMH!

 

Tá líne leathbhealaigh bainte amach ag Comhrá ’14, an churiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh a cuireadh tús leis Dé Domhnaigh seo caite, 5 Deireadh Fómhair.

 

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Tá cúpla lá iontach curtha dínn agus grúpaí timpeall na hÉireann agus chomh fada i gcéin le Los Angeles, Sydney agus Béising fiú tar éis páirt a ghlacadh sa churiarracht! Tá níos mó ná 90 uair déanta againn ach tá dúshlán fós romhainn an chuid eile den tseachtain a chur i gcrích agus a chinntiú go mbeidh grúpaí ag clúdach gach uile uair a’ chloig idir seo agus Dé Domhnaigh seo chugainn.”

 

Comhrá ’14 á shruthú beo ar www.snag.ie agus tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas 169 uair a’ chloig de chaint as Gaeilge gan stad a bhaint amach idir an tús ag 12.00in ar 5 Deireadh Fómhair agus an chríoch ag 1.00in ar 12 Deireadh Fómhair.

 

Is trí shruthú beo ar www.snag.ie a nasctar an tsraith de chiorcail chomhrá Ghaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne i rith na seachtaine ar leith seo. Bíonn deis ag an bpobal trí chéile páirt a ghlacadh tríd an gcomhrá a leanúint beo ar www.snag.ie agus teachtaireachtaí Twitter a chur chuig na rannpháirtithe agus lucht féachana trí úsáid a bhaint as an haischlib #Comhrá14.

 

I measc na ngrúpaí le páirt a ghlacadh fós, beidh comhráite ag teacht ó scoileanna ar fud na hÉireann, cumainn Ghaelacha tríú leibhéal, foghlaimeoirí Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beidh fiú comhrá speisialta ag teacht ó Réadlann Dhún Sinche, áit a mbeidh daltaí de chuid Ghaelcholáiste Chill Dara ar cuairt ann maidin Dé hAoine ag 10.00rn, mar chuid de Sheachtain Dhomhanda an Dearbhspáis 2014.

 

Tá bearnaí ama fós i sceideal na curiarrachta áfach, go háirithe ag an deireadh seachtaine, agus níos mó grúpaí á lorg chun na bearnaí sin a líonadh. Má tá Gaeilge agatsa agus ag cara nó cairde de do chuid agus má tá fonn dúshláin, cainte agus craic oraibh, féach ar chlár ama na curiarrachta ar www.snag.ie agus déan teagmháil le hoifig Sheachtain na Gaeilge ar +353 (0)1 4757401 comhra@cnag.ie gan mhoill chun lá agus am a chur in áirithe.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 07:45:38

Admin/login Comments RSS

ILBF