Linda Ervine – níl ann ach scéal cailleach an úafáis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí 21 duine i láthair aréir ag rang Gaeilge na tosaitheoirí sa Lárionad Skainos i mBéal Feirste Thoir, rud a thabharfadh le fios nach bhfuil daoine ag ligean don rírá faoi chaint Oráistigh sinsearacha ná an t-ionsaí a rinneadh ar an ionad ar na mallaibh cur isteach orthu.

Mar aon leis an rang sin agus an rang Cairde Turas ag Skainos, a raibh 14 duine i láthair ann, bhí 18 duine ag an rang do tosaitheoirí in Ard Scoil Dhún Domhnaill.

Agus í ag caint faoin deascéala seo dúirt Linda Ervine go bhfuil cuid mhór cainte ann faoi saoirsí sibhialta. ‘Ar cheart go ndiúltaimid dóibh seo agus do na daoine eile a bhíonn ag na ranganna Gaeilge anseo le linn na seachtaine an rogha daonlathach a bheith ag foghlaim cibé teanga a ba mhaith leo?’ a d’fhiafraigh sí. ‘Bíonn go leor cainte faoi saoirsí sibhialta ach go mbíonn an cuma air nach bhfuil Protastúnaigh atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaimsan áireamh. Is díol iontais do Ghaeil na hAlban an chaint atá déanta ag daoine áirithe ar cheart go mbeadh fios níos fearr acu. Agus ar mhaithe leis an taifead, tá Acht Teanga sa Bhreatain Bheag agus in Albain agus ní gá i gceachtar den dá thír sin go mbeadh Gaeilge ag duine chun jab a fháil. Scéal cailleach an úafáis arís eile. An sean plota Paisley!’

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-16 10:45:41

Admin/login Comments RSS

ILBF