Lester Ryan agus a chéad óráid i nGaeilge!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24, spórt

nasc chuig an chaint ar YouTube

http://www.youtube.com/watch?v=3nONgkPzARQ#t=65

 

 

le Somhairle Mac Uidhir

 

 

Thug sé óráid stairiúil iomlán i nGaeilge, ar lá stairiúil iomlán Gaelach.

Lester Ryan, captaen fhoireann iomána Chill Cheannaigh a sheas suas ar Ardán Uí hÓgáin le glacadh le corn Liam Mhic Corraidh ar son a fhoireann, agus a thug an chéad óráid lán-Ghaeilge i gcluiche ceannais iomána na hÉireann ó rinne Seán Óg Ó hAilpín an rud céanna i 2005.

Ní hé an labhairt i nGaeilge amháin an rud is suimiúla faoin eachtra seo, ach, de réir focal Lester Ryan féin, níl pioc Gaeilge aige.

Agus é ag labhairt le Spórt RTÉ, thug sé le fios gur iarr sé cuidiú ó chara, ar múinteoir é, le hóráid a scríobh amach is a rá i nGaeilge ar fad.

D’iarr sé ar a chara an fuaimniú isd an fhoghraíocht uilig a mhíniú agus a theagasc dó, agus d’fhoghlaim sé an rud ar fad de ghlan mheabhar sna laethanta beaga i ndiaidh de Chill Cheannaigh an lámh in uachtar a fháil ar Luimneach sa chluiche leath ceannais.

B’fhéidir gur léiriú díreach seo ar mhisneach agus ar fhéinspreagadh Lester Ryan, é sásta é féin a bhrú ar mhaithe le cúis níos mó, ar son na Gaeilge cé nach Gaeilgeoir é é féin. Nó b’fhéidir nach gá aon rud a rá le seo a mhíniú seachas gur fear Chill Chainnigh é, gur fear Brian Cody é.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 20:09:21

Admin/login Comments RSS

ILBF