Leithscéal phoiblí ó Peter Robinson

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

I ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar Lrionad Ioslamach Bhéal Feirste anocht chuir Peter Robinson ina luí ar na meáin go dtuigeann sé anois gur ghortaigh cuid dár dúirt sé faoi chaint an Tréadaí James Mc Connell, gur ghortaigh sé Moslamaigh agus gur ghabh sé leithscéal le Moslamaigh le linn a chuairte.

Bhí an Chéad Aire ó thuaidh faoi dhianbhrú ó chosain sé go poiblí caint theasaí conspóideach an Tréadaí Mc Connell a mhaígh gur teagasc de shliocht Ifrinn an Ioslamachas agus nárbh fhéidir muinín a chur i Moslamaigh.Cé gur fhéach an DUP agus comhairleoirí an Chéad Aire leis an cheist a chur de leataobh agus bogadh ar aghaidh bhí fearg go forleathan i measc scair nach beag den phobal, den aicme pholaitiúil agus de na meáin faoina chaint agus brú á chur air sa bhaile agus i gcéin chun leithscéal a ghabháil. Anocht chuaigh sé chuig an Lárionad agus ar imeacht dó bhí preas ócáid aige i gcuideachta scair den trí scór Moslamach a bhuail leis ag an Lárionad.

‘Ghabh mé leithscéal leis na fir uasail seo más rud  gur ghortaigh aon rud dár dúirt mé orthu agus thig liom a fheiceáil, i go leor cásanna, gur ghortaigh. Ghabh mé leithscéal leo ar bhonn pearsanta, fear ar fhear, faoi mar a ba cheart. Ghabh mé leithscéal leo as aon olc a bhí mé freagrach as agus chuir mé ina luí orthu gurb é an rud deireadh a bheadh ar intinn agam ná olc a chur orthu, ná imní, ná iad a mhaslú. Ní thiocfadh liom a chaitheamh an chuid eile de mo shaol ag gabháil leithscéil ach an rud a dtiocfadh liom a dhéanamh ná an chuid eile de mo shaol a chaitheamh ag tógáil an phobail aontaithe atá uainn anseo. Is é an dearcadh atá againn anois ná go bhfuilimid i ndiaidh líne a tharraingt faoinar tharla agus gur mhaith linn bogadh ar aghaidh agus meas againn ar a chéile. ‘ Ghabh sé buíochas agus mhol go mór an mhéid a dhéanann Moslamaigh sna Sé Chontae.

 

D’fhiafraigh duine de na Moslamaigh de an gcáinfeadh sé caint an Tréadaí Mc Connell. Dúirt an tUasal Robinson go bhfuil saoirse cainte ag dul do gach duine ach bíodh siad sa pholaitíocht ná in aon chuid eile den sochaí, an preas san áireamh, ní mór dóibh an ceart sin a úsáid le freagracht agus go cúramach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:40:38

Admin/login Comments RSS

ILBF