Léirsithe i mBaile Átha Cliath

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí mion scliúchais ann idir Gardaí agus léirsitheoirí a bhí ag cur I gcoinne na déine taobh amuigh de Theach Laighean inniu. Ach níor gortaíodh aon duine agus ní raibh ann ach mioneachtraí. Bhí roinnt céadta duine páirteach I léirsithe taobh amuigh de Theach Laighean feadh cuid mhór den lá agus tráthnóna cuireadh trácht tríd a chéile nuair a shuígh lion beag léirsitheoirí ar an bhóthar ag Droichead Uí Chonaill agus dhiúltaigh bogadh. Ba é seo an chéad uair don Dáil a bheith ina suí I ndiaidh saoire an tsamhraidh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-28 23:16:11

Admin/login Comments RSS

ILBF