Léiríonn cás Alban gur mheancóg a bhí in Éirí Amach ’16 – John Bruton

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar leis an iarThaoiseach John Bruton go léiríonn cás Alban go dtiocfadh le hÉirinn saoirse a bhaint amach go síochánta seachas dul le hÉirí Amach. Chuir sé fáilte mhór roimh an scéal go dtabharfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan óráid faoi Féinriail i gCill Mhantáin an tseachtain seo nuair atáthar ag cuimhneamh ar an am 100 bliain ó shin nuair a ghlac Parlimint leis an Acht Féinriail d’Éirinn ach shocraigh ar é a chur ar fionraí go dtí go mbeadh an Cogadh Domhanda críochnaithe. ‘An fhírinne atá ann ná go raibh Acht um Féinriail ar an Leabhar Reachtanna in 1916 agus ní raibh sé le tarraingt siar. Dá mbeadh lucht 1916 níos foighní, sheachnófaí cuid mhór léirscrios agus bhainfeadh muid amach an neamhspleáchas atá inniu againn.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 10:06:01

Admin/login Comments RSS

ILBF